Vyhľadávací formulár

Geineasas 2

1Críochnaíodh neamh agus talamh agus a gcóiriú go léir ar an gcuma sin. 2Ar an seachtú lá chríochnaigh Dia an obair a rinne sé. Scoir sé ar an seachtú lá den obair go léir a rinne sé. 3Bheannaigh agus naomhaigh Dia an seachtú lá mar scoir sé an lá sin den obair go léir a rinne sé sa chruthú. 4Sin iad céatúsa neimhe agus talún nuair a cruthaíodh iad.

An Cruthú: An Dara hInsint: Parthas

Nuair a rinne an Tiarna Dia neamh agus talamh, 5ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh. 6Bhí, más ea, fíoruisce ag brúchtaíl aníos ón talamh agus ag uisciú dromchla na talún go léir. 7Ansin chum an Tiarna Dia an duine de chré na talún agus shéid anáil na beatha ina pholláirí; ar an gcaoi sin rinne neach beo den duine. 8Phlandaigh an Tiarna Dia parthas in Éidin san oirthear agus chuir sé ann an duine a chum sé. 9Chuir an Tiarna Dia ag fás aníos as an talamh gach uile chineál crainn is geal leis an tsúil agus is maith le hithe, crann na beatha mar an gcéanna i lár an ghairdín agus crann fhios na maitheasa agus an oilc.

10Bhí abhainn ag sní as Éidin amach ag uisciú an ghairdín, agus roinneadh ansiúd í agus rinne ceithre abhainn di. 11Píseon a thugtar ar an gcéad abhainn díobhsan, agus is í sin a ghabhann timpeall tír Havalá go léir mar a bhfuil an t‑ór. 12Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix. 13Gíohón a thugtar ar an dara habhainn agus is í a ghabhann timpeall tír Chúis go léir. 14An Tigris a thugtar ar an tríú habhainn agus sníonn sí lastoir den Aisír. An Eofrataes an ceathrú habhainn.

15Thóg an Tiarna Dia an duine agus chuir i ngairdín Éidin é chun é a shaothrú agus aire a thabhairt dó. 16Thug an Tiarna Dia aithne don duine á rá: “Tá saorchead agat toradh a ithe de gach crann sa ghairdín, 17ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.”

18Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.” 19Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cen t‑ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin é a bheadh mar ainm air. 20Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine. 21Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. 22An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.

23Dúirt an duine ansin:

“Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh,

Agus is feoil de m'fheoilse í.

Tabharfar bean (ís-seá) uirthi

Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”

24Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh. 25Bhíodar araon lomnocht, an fear agus a bhean, ach gan aon náire orthu.

An Bíobla Naofa

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

More Info | Version Index